Soláthairtí uisce Iarthar Dhún na nGall neartaithe tar éis infheistíocht €30m Uisce Éireann
Chuir Uisce Éireann borradh tábhachtach agus marthanach faoi shlándáil agus faoi shábháilteacht uisce óil in Iarthar Dhún na nGall. Baineadh dhá sholáthar uisce thábhachtacha, na Gleannta-Ard an Rátha agus Leitir Mhic an Bhaird, ó liosta soláthairtí uisce i mbaol de chuid na Gníomhaireachta um Chaomhnú Comhshaoil (GCC).
Rinneadh é sin tar éis infheistíocht €30m a dhéanamh chun an dá ionad cóireála uisce a uasghrádú agus a nuachóiriú. Mar thoradh ar na huasghráduithe tábhachtacha sin cinntítear go soláthrófar uisce óil atá sábháilte, glan agus iontaofa do níos mó ná 6,500 custaiméir ar fud Iarthar Dhún na nGall.
Trí uasghrádú €18.3 milliún ar Ionad Cóireála Uisce na nGleanntach-Ard an Rátha rinneadh feabhsúcháin mhóra ar an tsaoráid, chun tairbhe níos mó ná 3,650 custaiméir. Is é a bhí i gceist leis ná nuachóiriú na bpróiseas cóireála, umair bhrú-scagtha nua agus córas cóireála scannáin a shuiteáil, trealamh uasghrádaithe rialaithe agus monatóireachta, agus feabhsúcháin ar an mbonneagar oibríochtúil ar an láithreán.
Dúirt Clárbhainisteoir Uisce Éireann Ian Walsh, “Trí bhaint an tsoláthair seo ón LGF (Liosta Gníomhaíochta Feabhais) taispeántar cé chomh héifeachtach agus a bhí na huasghráduithe ríthábhachtacha sin agus athdheimhnítear ár dtiomantas chun uisce óil sábháilte agus glan a sheachadadh do thithe agus do ghnólachtaí do na glúnta le teacht. Taispeántar leis an tionscadal seo conas is féidir teicneolaíochtaí cóireála nuálacha a úsáid go rathúil fiú sna láithreacha is dúshlánaí. Cuirtear réiteach láidir ar fáil trí phróiseas nanascagacháin scannáin a thabhairt isteach ag na Gleannta-Ard an Rátha maidir le rioscaí seanbhunaithe do cháilíocht an uisce agus cuirtear soláthar uisce feabhsaithe agus níos iontaofa ar fáil don phobal.”
Is é Veolia Water Ireland Limited a chur na hoibreacha i gcrích ar son Uisce Éireann ag na Gleannta-Ard an Rátha.
Ina theannta sin, trí infheistíocht €12m in Ionad Cóireála Uisce Leitir Mhic an Bhaird cinntíodh soláthar uisce atá slán agus iontaofa do níos mó ná 3,000 custaiméir, lena n-áirítear na ceantair a leanas: Leitir Mhic an Bhaird, Port Nua, an Fhearthainn, Ros Beag, Droim Loch Druid, Doire Eadarúil agus an Machaire. San áireamh leis an tionscadal bhí uasghrádú mór ar an ionad atá ann cheana, stóráil amhuisce a mhéadú trí fhoinse Loch na Deirce Móire a locadh, agus príomhphíobán nua a thógáil chun an loch a nascadh leis an tsaoráid cóireála.
Dúirt John McElwaine, Clárbhainisteoir ag Uisce Éireann: “Is mór an onóir dúinn an tionscadal criticiúil seo a thabhairt chun críche do 3,000 duine ar fud Iarthar Dhún na nGall. Agus na hoibreacha curtha i gcrích anois, cinntíonn an tionscadal seo go gcuirfear uisce óil atá slán agus glan ar fáil do thithe agus do ghnólachtaí i Leitir Mhic an Bhaird agus sna ceantair máguaird.”
Ba é EPS a chuir na hoibreacha i gcrích thar ceann Uisce Éireann ag Leitir Mhic an Bhaird.
Trí oibreacha uasghrádaithe fairsinge a chur i gcrích ag an dá ionad cinntítear anois go gcomhlíonfar rialacháin um uisce óil san fhadtéarma, laghdaítear go suntasach an riosca maidir le fadhbanna cáilíochta uisce amach anseo agus cuirtear cosaint bhuan ar fáil maidir le sláinte phoiblí.
Tá Thomas Gibbons, Bainisteoir Réigiúnach Comhlíontachta Uisce Óil ag Uisce Éireann, bródúil as iarracht na foirne chun na hoibreacha a chur i gcrích agus chun na soláthairtí a bhaint ó Liosta Gníomhaíochta Feabhais (LGF) na GCC.
“Ag Uisce Éireann, táimid tiomanta do rioscaí a bhaineann le cáilíocht uisce óil a aithint agus dul i ngleic leo. Is é an príomhfhócas atá againn ná cosaint na sláinte poiblí trí sholáthairtí uisce atá slán, glan agus sábháilte a chur ar fáil do phobail áitiúla.”
Dúirt Pat Collins, Bainisteoir Iniúchta an Phlean Sábháilteachta Uisce Óil ag Uisce Éireann, “go gcinntíonn na huasghráduithe criticiúla seo in Iarthar Dhún na nGall go gcomhlíonfar rialacháin um uisce óil san fhadtéarma agus laghdaíonn sé go suntasach an baol a bhaineann le fadhbanna cáilíochta uisce amach anseo”.
Tríd an dá mhórthionscadal sin a chur i gcrích go rathúil baintear garsprioc thábhachtach amach maidir leis an mbonneagar uisce a neartú ar fud Dhún na nGall. Tá Uisce Éireann fós tiomanta d’infheistíocht a dhéanamh sa bhonneagar criticiúil uisce agus fuíolluisce ar fud na tíre d’fhonn tacú le pobail inbhuanaithe a rachaidh ó neart go neart, an tsláinte phoiblí a chosaint agus an timpeallacht a fheabhsú.
Nuashonruithe Seirbhíse Uisce
Cláraigh le haghaidh ár tseirbhís téacs saor in aisce chun a bheith ar an eolas faoi bhristeacha uisce agus oibreacha i do cheantar.